News Stories

Education: 18 February 2025

Seimineár in Óstaí an Rí ar dheiseanna fostaíochta do chainteoirí Gaeilge leis an AE agus ag baile

Seimineár in Óstaí an Rí ar dheiseanna fostaíochta do chainteoirí Gaeilge leis an AE agus ag baile

Seimineár in Óstaí an Rí ar dheiseanna fostaíochta do chainteoirí Gaeilge leis an AE agus ag baile

Dé Céadaoin an 26 Feabhra 2025, 14h00–16h00

Seo seimineár do dhaltaí gaelcholáistí agus iar–bhunscoileanna Gaeltachta. Tá raon leathan post i gceist agus pá agus coinníollacha den scoth ag gabháil leo.

Pléifear freisin na deiseanna ag baile d’aistritheoirí i dTithe an Oireachtais agus do chainteoirí Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne ó tharla beartas an Rialtais go mbeidh 20% d’earcaigh na Seirbhíse Poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

Beidh fáilte roimh sheisear nó mórsheisear daltaí ón idirbhliain (nó ón Timthriail Shinsearach i gcás scoileanna beaga) freastal ar an seimineár seo i dteannta múinteora. Tá líon na n–áiteanna teoranta agus ba mhór againn scéala uaibh más spéis libh teacht.

Is é Óstaí an Rí foras oiliúna abhcóidí Éireann agus reáchtáiltear ann freisin sain–chúrsaí dlí chun freastal ar riachtanais an phobail, cúrsaí san aistriúchán dlíthiúil agus sa dlítheangeolaíocht san áireamh chun mic léinn a ullmhú do ghairmeacha le Gaeilge leis an Aontas Eorpach agus in Éirinn. Táimid suite ar Shráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1 i ngar don líne Luais. Féach 

Tuilleadh eolais/Áirithintí: daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie


Clár an tSeimineáir

  • 14:00  Seoladh an tSeimineáir: 

Feargal Ó Coigligh, Ard–Rúnaí na Roinne Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt. 

  • 14:20  Deiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge.

Pól Ó Grádaigh, Aonad na Gaeilge, An Coimisiún Eorpach

  •  4:40  Saol agus Gairm an Dlítheangeolaí leis an gCúirt Bhreithiúnas.

Aifric Ní Fhloinn BL, Dlítheangeolaí le Cúirt Bhreithiúnais an AE

  • 15.00  Saol agus Gairm an Ateangaire leis an Aontas Eorpach

Aisling Ní Chatháin, Ateangaire leis an gCoimisiún Eorpach (ar nasc físe)

  • 15:20  Deiseanna Fostaíochta don Aistritheoir Gaeilge in Éirinn.

Aedán Ó Maoláin, Príomh–Aistritheoir Cúnta, Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais

  • 15.40  ‘I dtreo Seirbhís Phoiblí Dhátheangach in Éirinn’

Sadhbh Ó Cinnseala, Roinn na Gaeltachta

  • 16:00  Ceisteanna agus Freagraí
  • 16:15 Deireadh