News Stories

Education: 24 February 2025

Bonn an Phiarsaigh – Gael Linn

Bonn an Phiarsaigh – Gael Linn

Bhí ard–oíche againn idir Dhinnéar Bliantúil na Gaeilge in Óstaí an Rí agus Dhíospóireacht Bhonn an Phiarsaigh – Gael Linn a reáchtáladh roimh ré.

Comhghairdeas leis na hiomaitheoirí a ghlac páirt ann: Conor Ó Caodháin, Cárthach Ó Faoláin agus Liam de Barra agus féith an ghrinn go láidir mar ghné lárnach den chaint. Is é Conor a thug an chraobh leis.

Is é Tomás Ó Cadhla a rinne an bonn a bhronnadh ar Conor thar ceann Ghael Linn agus táimid thar a bheith buíoch dó agus don eagraíocht.

Buíochas le #Cumann Barra na Gaeilge as tacú leis an ócáid agus í a chur chun cinn.  

Buíochas leis na moltóirí, Elizabeth–Ann Kirwan BL agus Seán Ó hUallacháin SC.

More Images