News Stories

Education: 04 July 2024

Meet the Teaching Team: Daithí Mac Carthaigh BL Irish Courses’ Coordinator

Meet the Teaching Team: Daithí Mac Carthaigh BL Irish Courses’ Coordinator

King’s Inns is proud of its highly qualified faculty team. All tutors and lecturers on the King’s Inns teaching team have impressive qualifications, including many LLMs as well as several PhDs from reputable universities worldwide. Tutors and lecturers are also qualified Barristers, and therefore have a keen understanding of how the law works in the real world.

In our ‘’Meet the Teaching Team’’ post series, you will get the chance to meet some of the members of the King’s Inns faculty.

Meet the Teaching Team

#2 Daithí Mac Carthaigh BL

“Is mise Comhordaitheoir Acadúil Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí. Táim i mbun trí chúrsa ard–dioplóma trí mheán na Gaeilge: An tArd–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge, An tArd–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus an tArd–Dioplóma san Aistriúchán Dlithiúil. Ina theannta sin, múinim ar an gcúrsa roghnach i gCleachtadh an Dlí trí Ghaeilge agus ar an gcúrsa téarmaí dlíthiúla Gaeilge mar chuid den chúrsa BL.

Bhain mé trí chéim amach ó Ollscoil na Gaillimhe: BA sa Dlí agus sa Ghaeilge, MA sa Nua–Ghaeilge, agus LLB ina dhiaidh sin. Tá saineolas agam maidir le dlíthíocht as Gaeilge agus stádas na teanga ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an AE.

daithi mtt

Cleachtaim dlíthíocht shibhialta phoiblí, bhunreachtúil agus riaracháin lena n–áirítear cúiseanna iomlánacha, athbhreithniú breithiúnach agus ionchoisní, gan a bheith teoranta don mhéid sin.

Is breá liom mo chuid saineolais a roinnt agus bualadh le daoine tiomanta cliste – is mór an t–ardú croí é. Is iontach an rud an dul chun cinn a dhéanann na mic léinn tar éis an chúrsa a fheiceáil pé acu i saol an dlí nó leis an AE.’’

 

Féach ar na tairiscintí cúrsa