13 February 2025 | 18:30

Dinnéar Bliantúil na Gaeilge in Óstaí an Rí

·        Seo ár nDinnéar Bliantúil Gaeilge.

·        Tá fáilte roimh gach ball den Chumann.

·        Reáchtálfar Díospóireacht Gael Linn roimh an Dinnéar 5.30 pm – 6 pm i Seomra Coiteann na Sóisear, Óstaí an Rí agus bronnfar Bonn an Phiarsaigh ar an mbuaiteoir. Ainmnítear an bonn in onóir céimí Óstaí an Rí, an t–abhcóide, múinteoir agus oideachasóir, scríbhneoir, file, scoláire agus Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn Éirí Amach 1916, Pádraig Mac Piarais, fear a throid dhá chás cearta Gaeilge sa tsean–Ard–Chúirt faoi réimeas Shasana mar abhcóide.

·        Féadfaidh binseoirí, nach bhfuil ar an amchlár don oíche seo agus ar mian leo a bheith i láthair, áit a chur in áirithe thíos.

·        Féadfaidh binseoirí oinigh áit a chur in áirithe thíos.

·        Féadfaidh breithiúna den Chúirt Dúiche agus den Chúirt Chuarda áit a chur in áirithe thíos.

·        Féadfaidh abhcóidí ar baill d’Óstaí an Rí iad idir abhcóidí sinsir, abhcóidí sóisir agus abhcóidí cáilithe eile áit a chur in áirithe thíos faoi ‘Ball/Abhcóide’.

·        Féadfaidh abhcóidí ar baill d’Óstaí an Rí iad cuireadh a thabhairt d’aíonna don ócáid seo.

·        Tá fáilte roimh mhic léinn Óstaí an Rí san abhcóideacht (idir an cúrsa modúlach agus an cúrsa lán–aimseartha) freastal ar an Dinnéar seo ach ní féidir leo aíonna a thabhairt leo.

·        Tá fáilte roimh na mic léinn ar na hArd–Dioplómaí a mhúintear trí Ghaeilge freastal ar an Dinnéar seo. Déan áirithint faoin gcatagóir ‘Ard–Dioplómaí trí mheán na Gaeilge’ thíos

·        Osclófar doras an Halla Mhóir ag 6 pm agus ní foláir duit seiceáil isteach ag an deasc fáiltithe. Cuirfear tús leis an Dinnéar go pras ag 6.30 pm agus tiocfaidh deireadh leis ag timpeall 8.30 pm.

·        Cuir thú féin ar an eolas faoi dheasghnátha dinnéir Óstaí an Rí le do thoil ag Dining.

·        Is ionann suíochán nó bord a chur in áirithe agus géilleadh dár gcuid téarmaí agus coinníollacha áirithinte Agus polasaí i dtaca le háirithintí a cur ar ceal.

 

 

 

·        This is our annual Irish language Dining Night.

·        All members are invited to attend.

·        The Gael Linn debate will take place before the dining 5.30 pm – 6 pm in the Junior Common Room, King’s Inns and Bonn an Phiarsaigh (the Pearse medal) will be awarded to the winner. The medal is named for the King’s Inns’ alumnus, barrister, teacher and educationalist, writer, poet, scholar and President of the Provisional Government during the Easter Rising 1916, PH Pearse, who fought two Irish language rights cases in the old High Court under British rule as a barrister.

·        Benchers who are not rostered for this night and would like to attend this Dining, please book below.

·        Honorary benchers, please book below.

·        District and Circuit Court judges, please book below.

·        Subscribing barrister members, which includes Senior Counsel, Junior Counsel and other qualified barristers, please book under ‘barrister graduates‘ category below.

·        Subscribing barrister members may invite guests to this Dining.

·        Student members – modular and full–time degree students – are welcome to attend this Dining. You cannot bring a guest to this event.

·        Students on the Irish medium Advanced Diplomas are welcome to attend this Dining night. Book under “Ard–Dioplómaí trí mheán na Gaeilge” category below.

·        The main Dining Hall door will be open at 6 pm, and you must check–in at the reception desk. Dining commences promptly at 6.30 pm and ends approx. 8.30 pm.

·        Please familiarise yourselves with the customs and experience of Dining.

·        In booking a seat or table, you agree to our booking terms and conditions, cancellation policy.

 

 

Select your booking type

bencher

honorary bencher

District / Circuit Court Judge

Barrister Graduates

Ard–Dioplómaí trí mheán na Gaeilge